← Mar is eol dúinn scaipeann scéalta ar luas lasrach agus bíonn siad i mbéal an phobail láithreach bonn. 🔊
← Séanann na daoine seo go bhfuil aon athrú bunúsach ag teacht ar an aeráid nó má tá, gur feiniméan nádúrtha é nach bhfuil aon neart againn air. 🔊
← Ní hé seo an scéal atá ag formhór mór na saineolaithe aimsire agus aeráide, áfach. 🔊
← Feictear dóibh go bhfuil an cine daonna ar tí an pláinéad a scrios agus muna ndéanaimid athruithe móra ar ár nósanna maireachtála go n-íocfaimid go daor as. 🔊
← Ní shéanann siad gur tháinig agus go dtagann athrú ar an aeráid ach na hathruithe a thógadh cúpla céad bliain nó cúpla míle bliain, tá siad ag tarlú anois in achar an-ghearr, achar fiche bliain nó níos lú. 🔊
← Níl ach an t-anró agus an anachain romhainn má leanaimid orainn mar atáimid faoi láthair, dar leo. 🔊
← Is é bunús na faidhbe ná an méid dé-ocsaíde carbóin, meatáin agus gás ceaptha teasa eile a scaoilimid isteach san atmaisféar. 🔊
← Anuas air sin tá an meatán atá ag teacht ó na hainmhithe (agus ó na daoine, go deimhin) ag cur leis an bhfadhb. 🔊
← Tá cleachtadh maith againn ar an gcompord a bhaineann le modhanna saoráideacha taistil, le feoil atá réasúnta saor agus le déantúsaíocht phlaisteach de gach saghas agus tá an-leisce orainn iad a scaoileadh uainn. 🔊
← Tá an teocht domhanda tar éis ardú de 1.8 chéim a dhéanamh ó 1850. 🔊
← Cheapfadh an gnáthdhuine gur beag sin. 🔊
← Ní thabharfá faoi deara an difríocht idir ocht gcéim déag agus fiche céim dá mbeifeá amuigh faoin aer lá breá samhraidh ach déanann sé difríocht mhór don domhan ina iomlán. 🔊
← Tá an t-oighear ag an Mol Thuaidh agus ag an Mol Theas ag leá ar luas nach bhfacthas riamh cheana. 🔊
← Ní fios go díreach cén tionchar a bheidh ag a leithéid seo ar an aimsir, ar an bhfarraige agus ar an dúlra. 🔊
← Tá an domhan agus a bhfuil ann ar imeall na haille agus é ag féachaint isteach sa duibheagán sin nach dtuigeann aon duine beo. 🔊
← Níl a fhios ag éinne beo an bhfuilimid ródhéanach chun an aeráid a athrú ar ais agus suáilcí an tsaoil a bhronnadh ar an gcéad ghlúin eile. 🔊